Osclaíodh Gaelscoil Bheanntraí i 1994 nuair a tháinig grúpa tuismitheoirí ón gceantar le chéile chun oideachas a chuir ar fáil dá bpáistí trí mheán na Gaeilge. Ó shin tá an scoil ag dul ó neart go neart agus fé láthair tá os cionn 140 dalta againn, seisear múinteoir ranga, múinteoir tacaíocht foghlamtha lán aimseartha, múinteoir acmhaine páirtaimseartha, cúntóirí riachtanaisí speisialta agus rúnaí lán aimseartha.
Tá an scoil lonaithe i Seiscean, Beanntraí, i bhfoirgneamh nua thógtha ó Mhéan Fómhair 2011.
Is í an Ghaeilge teanga labhartha na scoile. Cé go dtagann formhór d’ár bpáistí isteach ar scoil gan aon Ghaeilge nó fíor bheagán piocann siad suas é go héasca agus táid líofa tar éis tamaill bhig. Táimid ana bhrodúil as ár gcultúir agus ár ndúchas Gaelach agus cuirimid é seo chun cinn sa scoil tríd imeachtaí éagsúla.
In ár scoil-ne tá cuid mhaith tuismitheoirí againn nach labhrann Gaeilge agus níl aon fhadhb acu maidir lena leanbh bheith ag foghlaim trí Ghaeilge. Chun an obair a deintear ar scoil a dhaingniú is ea a thugaimíd obair bhaile.
Gaelscoil Bheanntraí was opened in 1994 when a group of parents in the Bantry area wanted to provide education through the medium of Irish for their children. Since then the school has gone from strength from to strength and presently we have 140 pupils, 6 class teachers, a full time learning support teacher, a part time resource teacher, special needs assistants and a full time secretary.
The school is based in a purpose newly built building in Seskin, Bantry since September 2011.