Autumn 2015

 

Fómhar 2015

Tá An Fómhair geall leis thart anois agus táimid ag baint na prátaí a chuireamar san Earrach. Tháinig Jessica Mason isteach chun cabhrú le Rang a 1 iad a bhaint agus a ullmhú do bhéile álainn Dé hAoine seo caite. D’itheamar ár ndóthain prátaí le im! Míle buíochas do Jessica as teacht isteach. Fad is a bhí Rang 1 ag ithe bhí boladh álainn ag teacht ó Rang 3 & 4. Bhí Catherine ag cócaráil Chutney a bhí déanta as na piorraí a d’fhás sa gháirdín. Gabhaimid buíochas leat chomh maith Catherine.

Autumn 2015

Autumn is drawing to an end and we are harvesting the potatoes that we planted in the Spring. Jessica Mason kindly came in to help Rang 1 to dig and prepare the potatoes for a wonderful meal last Friday. We boiled the potatoes and ate them with butter until we were full! As we were eating, we could smell something else tasty cooking across the hallway in Rang 3 & 4. Catherine has called in to make gorgeous pear chutney using the pears from the trees in the garden. Thank you both for coming in and giving this experience to the children!