Naíonáin Bheaga

 

Naíonáin Bheaga

Tá Naíonáin Bheaga tar éis dul i dtaithí ar an saol scoile go tapaidh agus táimíd ag baint taitneamh as ár obair scoile.

 

Seachtain an chairdis

Bhí am an-dheas ag Naíonáin Bheaga ag déanamh réimse leathan gníomhaíochtaí le chéile. Is breá le Naíonáin Bheaga a bheith ag imirt agus ag cabhrú leis na cairde.

 

Lá na pitseamaí

Bhí lá deas compórdach ag Naíonáin Bheaga ag caitheamh na pitseamaí ar scoil.

 

Garda Bridget

Tháinig Garda Bridget ar chuairt go dtí Naíonáin Bheaga agus bhí sí ag caint linn faoi conas a bheith sábháilte ar na bóithre agus aire a thabhairt dár mbréagáin. Thug sí cead dúinn triail a bhaint as an bhfearas atá aici.

 

Crann cnó capaill

Chuaigh Naíonáin Bheaga ar shiúlóid chun crann cnó capaill a fheiscint agus chun meascán duilleoga an fhómhair a bhailiú.

 

Gaiscígh Bhia

Tá Naíonáin Bheaga ag glacadh páirt sa scéim Gaiscígh Bhia. Is breá linn torthaí agus glasraí a ithe gach lá. Beimíd go léir sláintiúil agus láidir go leor chun stop a chuir le General Junk, Miss Demeanour agus Master Disaster.

 

Oíche Shamhna

Tá Oíche Shamhna ag teacht go luath agus tá sceitimíní ar Naíonáin Bheaga. Táimíd ag déanamh a lán ealaíon álainn agus beimíd ag gléasadh suas Dé hAoine.