Naíonra Bheanntraí.
‘Séard atá i gceist le Naíonra ná Seirbhís Luathoideachas trí mheán na Gaeilge agus mhódh an tSúgartha, faoi chúram Stiúrthóirí oilte, le haghaidh páistí d’aoisgrúpa éamhscoile. Is í an Ghaeilge gnáth teanga an Naíonra agus sealbhaíonn na páistí an Ghaeilge go nádúrtha, mar a sealbhaíonn siad an chéad teanga sa bhaile, trí mhódh an tumoideachas.
Tá Clár leathan solúbtha an Naíonra bunaithe ar na Séasúir, na Féiltí agus an Dúlra. I measc na gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl go laethúil – bíonn ceol, amhránaíocht, scéalaíocht, rince, ealaíon, obair láimhe, súgradh le gaineamh agus uisce. Tacaíonn na gníomhaíochtaí spraoiúil seo le forbairt iomlán an pháiste agus cuireann siad lena scileanna réamhléitheoireachta agus réamhmhaitimice.
Tá Naíonra Bheanntraí lonnaithe i seomraí i nGaelscoil Bheanntraí agus baineann siad úsáid as halla agus fearas na scoile. Tá sé oscailte óna 8.50 go 11.50 r.n. Dé Luan go dtí an Aoine.