30
Jan.2016













- Tá Aistear ar siúl go minic anois i Naíonáin Bheaga agus bíonn na páistí ag obair i ngrúpaí ag stáisiún difriúil gach lá.
- Chuireamar bleibíní hyacinth ag fás agus tá bláthanna álainne corcra ag fás aníos anois. Chuir gach páiste bleibín crócus nó lus an chrom chinn ag fás i bpota, tá an gas ag teacht anois agus táimíd ag súil go mór le bláthanna geala a fheiscint sar i bhfad.
- Tháinig Jessica Mason go dtí Naíonáin Bheaga ag taispeáint feithidí ón lochán agus ag insint dúinn faoin gnáthóg atá acu.
- Tá Naíonáin Bheaga ag obair ar fórsaí faoi láthair tré mhaignéadaí a úsáid agus a iniúchadh.
- Is breá le Naíonáin Bheaga a bheith ag péinteáil agus an téama atá againn faoi láthair isea prionta.
Category: Junior Infants