Fáilte an Phríomhoide

Céad Míle Fáilte!

Tá fíoráthas orm fáilte a chur romhat chuig suíomh gréasáin Gaelscoil Bheanntraí. Tá an-áthas orainn blaiseadh de shaol na gaelscoile a léiriú daoibh anseo. Táimid ana mhórálach as ár ndaltaí, ár múinteoirí agus foireann uile na scoile, a chuireann béim ar dhul chun cinn uilíoch an dalta. Tá rang uathachais againn ó mí Mheán Fómhair 2023. 

Tá an Ghaeilge i gcroílár na scoile agus tá sé i gceist againn leanúint leis an obair iontach seo agus sár oideachas lán Ghaelach a chur ar fáil dár daltaí i nGaelscoil Bheanntraí. Agus chun freastal ar riachtanais na ndaoine sa cheantar, atá ag iarraidh go gcuirfí oideachas ar a bpáistí trí mhéan na Gaeilge. Bainigí sult as súil a chaitheamh ar éachtaí acadúla, spóirt, ceoil, eolaíochta agus teangan ár ndaltaí.

  • Our school building and facilities are child friendly, multi-faceted and totally supports the delivery of an excellent education for all our children.

  • We have the latest technology in our classrooms and a fantastic All-Weather pitch for the pupils to enjoy!

  • In 2023, we opened our first Autism Room in the school.

Helena Ní Bhraoin,

Príomhoide

Gaelscoil Bheanntraí